1. Tabharfaidh eagna an duine umhail ardú cinn dó,agus cuirfidh ina shuí é i measc na gceannasach.
2. Ná mol duine ar son a scéimhe,agus ná bíodh an ghráin agat ar dhuine ar son a dhealraimh.
3. Is beag í an bheach ar an bpór sciathánach,ach milse na milse a fómhar.
4. Ná bíodh clóchas ort faoi d'éidí breátha,agus ná bíodh éirí in airde ort lá d'onóra,óir is iontach iad oibreacha an Tiarna,agus tá a oibreacha ceilte ar dhaoine.
5. Is iomaí rí a thug seal ina shuí sa deannach,agus an té nach raibh aird ag aon duine air, chaith sé an choróin.
6. Is iomaí rialtóir a fuair táir agus tarcaisne,agus cuireadh daoine táscúla faoi bhois daoine eile.
7. Ná lochtaigh roimh iniúchadh a dhéanamh;déan do mhachnamh ar dtús, agus ansin ceartaigh.
8. Ná tabhair freagra gan an scéal a chlos;ná cuir isteach ar dhuine i lár a chuid cainte.
9. Ná bí ag aighneas faoi ghnó nach mbaineann leat;agus ná suigh le peacaigh agus iad i mbun breithiúnais.
10. A mhic, ná tarraing an iomad cúraimí ort féin;má mhéadaíonn tú ar líon do ghnóthaí, beidh tú síos leis;má dhéanann tú tóraíocht, ní bhfaighidh tú greim;má theitheann tú, ní éalóidh tú.
11. Fear an tsaothair, na fuirse, agus na deifre,níl aige dá mbarr ach a bheith níos mó chun deiridh.