3. Tá a cuid banseirbhíseach curtha amach aici,le glaoch amach ó arda na cathrach:
4. “Cibé ar bith duine atá saonta, casadh sé isteach anseo!”agus le lucht na díchéille deir sí:
5. “Téanaigí, ithigí mo chuid aráin,agus ólaigí an fíon atá ullamh agam.
6. Tréigigí bhur mbaois agus mairfidh sibh;siúlaigí ar bhealach na tuisceana.”
7. An té a cheartaíonn fear na fonóide, faigheann sé tarcaisne;an té a dhéanann cáiseamh in aghaidh an urchóidigh, déanfar urchóid dó.
8. Ná ceartaigh fear na fonóide nó beidh an ghráin aige ort,ceartaigh eagnaí agus beidh grá aige duit.
9. Tabhair [teagasc] don eagnaí agus beidh sé níos eagnaí fós;múin an fíréan agus beidh sé níos léannta fós.
10. Tús na heagna eagla an Tiarna;agus grinntuiscint is ea aithne ar an Neach Naofa.
11. Cuirfear breis le líon do laethanta tríomsa,agus cuirfear blianta le fad do shaoil.