10. Ach, féach, seo bean faoina dhéin,gléasta mar striapach agus calaois ina croí.
11. Báirseach gan iontaoibh í,nach dtéann suaimhneas ar a cosa sa bhaile.
12. Bíonn sí san airdeall ar an tsráid, sa mhargadh,agus ag gach cúinne.
13. Beireann sí greim air agus pógann é,agus deir sí leis lena gnúis mhínáireach:
14. “Bhí íobairtí le hofráil agam,agus chomhlíon mé mo mhóide inniu.
15. Uime sin tháinig mé amach i do choinne,agus mé sa tóir ort; agus fuair mé thú.
16. Chóirigh mé mo leaba le brait,agus [leath mé uirthi] togha brailliní ón Éigipt.
17. Chroith mé miorra, aloes, agus cainéalmar chumhráin ar mo leaba.
18. Tar! bímis ag ól ár sáith de dheoch an ghrá go maidin;bíodh suáilceas an ghrá againn.
19. Óir níl m'fhear céile sa bhaile,ach é imithe ar aistear fada.
20. Thug sé mála airgid leis;fillfidh sé abhaile leis an lánré.”
21. Cuireann sí cluain air lena tuile de bhladar mealltach,agus áitíonn air lena plámás séimh.
22. Leanann sé í de gheit,faoi mar a rachadh damh chun a mharaithe,Nó mar a rachadh fia i ngaiste,
23. nó go gcuirfí saighead ina ionathair;Nó mar a sceinnfeadh éan i súil ribegan a fhios aige go bhfuil an bás faoina chomhair.
24. Éist liom anois, [a mhic],agus tabhair aird ar bhriathra mo bhéil:
25. Ná lig do do chroí dul amú ina bealaí,agus ná bí ag faoileáil ar a cosáin.