Seanfhocal 6:8-26 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

8. Ach cóiríonn sé a chuid bia sa samhradh,agus bailíonn a sholáthairtí san fhómhar.

9. An fada a fhanfaidh tú i do luí ansin, a leisceoir?cathain a éireoidh tú ón suan?

10. Bíodh beagán suain, beagán codlata agat;fill do lámha, ábhar, ar mhaithe le socracht,

11. Agus beidh an bhochtaine taobh leat mar fhánaí,agus an ghannchúis, dála an [déirceora].

12. An scraiste, an t‑urchóideach,gabhann sé thart agus grabhas air;

13. Luíonn sé súil, scríobann lena chois,agus tugann comharthaí sóirt lena mhéar.

14. Bíonn an feall ina chroí ag beartú oilc,agus bíonn aighneas de shíor á adhaint aige.

15. Tiocfaidh an tubaiste sa mhullach air dá bharrsan;déanfar é a bhascadh go tobann, gan súil le leigheas.

16. Tá sé rudaí is fuath leis an Tiarna,agus is gráin lena chroí seacht gcinn:

17. Súil an uabhair, teanga an éithigh,lámha a dhoirt fuil neamhchiontach,

18. Croí a bheartaíonn cealga,cosa a bhrostaíonn chun an oilc,

19. Finné bréige ag spalpadh éithigh,agus an té a adhnann aighneas i measc a bhráithre.

20. A mhic, coinnigh aithne d'athar,agus ná tréig teagasc do mháthar.

21. Teann le do chroí i gcónaí iad,agus ceangail faoi do bhráid iad.

22. Ag siúl duit, treoróidh siad thú;i do luí duit, déanfaidh siad thú a fhaire;i do dhúiseacht duit, labhróidh siad leat.

23. Is lóchrann í an aithne seoagus is solas é an teagasc;is modh beatha an ceartú agus an smacht,

24. Le thú a chosaint ar an drochbhean,ar theanga shéimh na mná deoranta.

25. Ná cuir dúil do chroí ina scéimh,agus ná lig di thú a chuibhreach lena fabhraí;

26. Is féidir striapach a cheannach ar chanta aráin,ach is ar bheatha mhórluaigh a bhíonn tóir ag an adhaltrach.

Seanfhocal 6