Seanfhocal 6:14-34 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

14. Bíonn an feall ina chroí ag beartú oilc,agus bíonn aighneas de shíor á adhaint aige.

15. Tiocfaidh an tubaiste sa mhullach air dá bharrsan;déanfar é a bhascadh go tobann, gan súil le leigheas.

16. Tá sé rudaí is fuath leis an Tiarna,agus is gráin lena chroí seacht gcinn:

17. Súil an uabhair, teanga an éithigh,lámha a dhoirt fuil neamhchiontach,

18. Croí a bheartaíonn cealga,cosa a bhrostaíonn chun an oilc,

19. Finné bréige ag spalpadh éithigh,agus an té a adhnann aighneas i measc a bhráithre.

20. A mhic, coinnigh aithne d'athar,agus ná tréig teagasc do mháthar.

21. Teann le do chroí i gcónaí iad,agus ceangail faoi do bhráid iad.

22. Ag siúl duit, treoróidh siad thú;i do luí duit, déanfaidh siad thú a fhaire;i do dhúiseacht duit, labhróidh siad leat.

23. Is lóchrann í an aithne seoagus is solas é an teagasc;is modh beatha an ceartú agus an smacht,

24. Le thú a chosaint ar an drochbhean,ar theanga shéimh na mná deoranta.

25. Ná cuir dúil do chroí ina scéimh,agus ná lig di thú a chuibhreach lena fabhraí;

26. Is féidir striapach a cheannach ar chanta aráin,ach is ar bheatha mhórluaigh a bhíonn tóir ag an adhaltrach.

27. An féidir le duine tine a iompar ar a uchtgan a chuid éadaigh a dhul trí thine?

28. Nó an féidir le duine siúl ar ghríosachgan a chosa a dhó?

29. Mar sin a bhíonn ag an té a luíonn le bean a chomharsan;ní rachaidh aon duine a bhainfidh léi slán gan phionós.

30. Is beag é an milleán a chuireann daoine ar an ngadaía dhéanann goid lena bholg a líonadh agus ocras air.

31. Ach, má bheirtear air, ní foláir dó cúiteamh faoi seacht,agus maoin a thí go léir a thabhairt suas.

32. Ach níl splinc céille ag an adhaltrach;déan mar é, agus scriosfaidh tú thú féin.

33. Ní bhíonn dá bharr aige ach buillí agus achasáin,agus tarcaisne nach rachaidh ar ceal.

34. Cuireann éad fear le fraoch feirge,agus bíonn sé gan trua gan taise lá an díoltais.

Seanfhocal 6