Seanfhocal 5:4-13 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

4. Ach níl de thoradh orthu ach mar a bheadh mormónta searbh,chomh géar le claíomh dhá fhaobhar.

5. Gabhann a cosa síos chun an bháis,agus seolann a céimeanna síos chun Seól;

6. In áit bealach na beatha a leanúint,gabhann sí bealaí fáin gan stuaim.

7. Éist liomsa anois, [a mhic],agus ná scar le briathra mo bhéil.

8. Stiúir do chúrsa i bhfad uaithi;agus ná téigh in aon ghiorracht do dhoras a tí,

9. Nó imeoidh d'onóir le daoine eileagus blianta do shaoil le duine gan trócaire,

10. Agus cothófar coimhthígh ar do chuid,rachaidh do shaothar chun sochair teaghlaigh strainséartha,

11. Agus déanfaidh tú osna i ndeireadh do shaoil,nuair a bheidh do cholainn is d'fheoil caite;

12. Agus déarfaidh tú: “Nach agam a bhí fuath don smacht!agus an drochmheas i mo chroí agam ar gach ceartú.

13. Níor éist mé le glór mo mháistrí,ná níor thug mé cluas do mo lucht teagaisc.

Seanfhocal 5