Seanfhocal 4:3-11 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

3. Ba mhac mise freisin le hais m'athar,agus ba aonmhac muirneach mé ag mo mháthair.

4. Sé mhúin sé dom agus sé a dúirt:“Bíodh mo bhriathra i gcochall do chroí;coinnigh m'aitheanta agus mairfidh tú beo.

5. Bíodh eagna agat, agus bíodh tuiscint;ná déan dearmad di, agus ná claon ó bhriathra mo bhéil.

6. Na tréig í agus coimeádfaidh sí slan thú;tabhair grá di agus cosnóidh sí thú.

7. Tús na heagna, an eagna a ghnothú:faigh an tuiscint mar sin fiú má chosnaíonn sí a bhfuil agat.

8. Bíodh ardmheas agat uirthi, agus tabharfaidh sí ardú céime duit;tuillfidh sí onóir duit, má theannann tú í le do chroí.

9. Cuirfidh sí mionn maisiúil ar do cheann,agus bronnfaidh sí ort coróin ghlórmhar.”

10. Éist, a mhic, agus glac le mo bhriathra,agus mairfidh tú an céad.

11. Múinfidh mé slí na heagna duit,treoróidh mé thú ar bhealaí díreacha.

Seanfhocal 4