Seanfhocal 4:1-5 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Éistigí, a chlann mhac, le teagasc athar;tugaigí aird agus foghlaimigí céard í an tuiscint ghrinn.

2. Aitheanta córa a thugaim daoibhagus ná tréigigí mo theagasc.

3. Ba mhac mise freisin le hais m'athar,agus ba aonmhac muirneach mé ag mo mháthair.

4. Sé mhúin sé dom agus sé a dúirt:“Bíodh mo bhriathra i gcochall do chroí;coinnigh m'aitheanta agus mairfidh tú beo.

5. Bíodh eagna agat, agus bíodh tuiscint;ná déan dearmad di, agus ná claon ó bhriathra mo bhéil.

Seanfhocal 4