2. Céard é seo, a mhic? Céard é seo, a mhic mo bhroinne?Céard é seo, a mhic mo mhóideanna?
3. Ná caith do neart go léir le mná,ná do [leasracha] leis an lucht millte ríthe seo.
4. Ní dual do ríthe, a Lamúéil,ní dual do ríthe fíon a ól,ná do fhlatha bheith tugtha do dheoch chrua.
5. Le heagla go ndéanfaidís dearmad le barr óil, ar gach a reachtaíodh,agus satailt ar chearta na n‑ainniseoirí.
6. Tabhair deoch chrua don té atá ag saothrú an bháis,agus fíon don chroí atá lán de dhomlas;
7. Ólaidís agus déanaidís dearmad ar a dtubaiste,agus ná cuimhnídís ar a n‑ainnise a thuilleadh.
8. Oscail féin do bhéal ar son an bhalbháin,agus ar son chearta cách atá treigthe.
9. Labhair féin! tabhair breith chóir!cosain cearta na mbocht, agus na ndealbh.
10. Bean chéile gan cháim, cé ar féidir leis í a fháil?Is luachmhaire í ná péarlaí.
11. Is inti a chuireann a fear a mhuinín go léir,agus ní bheidh aon cheal brabaigh air dá barr.
12. Ní dochar ach sochar a dhéanfaidh sí dóar feadh a saoil.
13. Lorgann sí olann agus líon,agus oibríonn sí go dícheallach lena lámha.