Seanfhocal 30:7-19 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

7. Dhá ní a iarraim ort,ná ceil orm iad sula bhfaighe mé bás:

8. Coinnigh i bhfad uaim an t‑éitheach agus an bhréag;ná tabhair dom saibhreas ná daibhreas,ach cothaigh mé leis an mbia is cuí dom,

9. Ar eagla go mbeinn sách agus go séanfainn thú,agus go ndéarfainn: “An Tiarna? - cé hé féin?”Nó go mbeinn bocht agus go ndéanfainn goid,agus go maslóinn ainm mo Dhé.

10. Ná déan daor a ghearán lena mháistir,le heagla go gcuirfeadh sé mallacht ort agus go mbeadh thiar ort dá bharr.

11. Tá pór ann a chuireann mallacht ar a n‑athair,agus nach gcuireann beannacht ar a máthair.

12. Agus pór atá glan, dar leo féin,ach nár níodh fós as a mbrocamas.

13. Tá pór na súl uaibhreach ann,le mór níos fiú i ngach tógáil súile.

14. Tá pór ann le claímhte mar fhiacla,agus sceana mar ghialla acu,Leis na boicht a alpadh agus a scrios de chlár na cruinne;agus lucht na gannchúise a shlogadh agus a scuabadh ó chomhluadar daoine.

15. Tá beirt iníon ag an lia,“Tabhair, tabhair,” a ghlaonn siad.Tá trí nithe nach féidir a shasamh,agus ceithre cinn nach ndeir riamh: “Is leor sin”:

16. Seól, an bhroinn aimrid,an talamh nach féidir a sháitheadh le huisce,agus an tine nach ndeir riamh: “Is leor sin.”

17. An tsúil a fhéachann le fonóid ar a athair,agus le drochmheas ar [mháthair a bhíonn ag dul in aois],piocfaidh fiacha an mhachaire amach í,agus alpfaidh na badhbha í.

18. Tá trí nithe a théann díom a thuiscint,agus ceithre cinn nach mbainim ciall astu:

19. Bealach iolair sa spéir,bealach nathrach ar an gcarraig,bealach loinge i lár na mara,agus bealach fir le maighdean.

Seanfhocal 30