20. Seo é bealach an adhaltraigh mná:itheann sí bia agus glanann a béalagus deir: “Ní dhearna mé aon ní as an tslí.”
21. Baineann trí nithe crith as an talamh,agus tá ceithre cinn nach féidir leis cur suas leo:
22. Daor nuair is rí,daoi nuair is sáitheach,
23. Bean thréigthe, nuair a phósann,agus daoirseach nuair a thógann [sí áit] a máistreása.
24. Tá ceithre nithe ar an talamh atá bídeach,ach is acu atá togha na gaoise:
25. Na seangáin, treibh gan neart iad,ach sa samhradh déanann siad deimhin dá soláthar:
26. Na coiníní carraige, treibh gan chosaint iad,ach cuireann siad fúthu sna carraigeacha.
27. Na lócaistí, níl rí orthu,ach máirseálann siad go léir faoi dhea-eagar.
28. An t‑earc luachra, d'fhéadfá greim a fháil air i do láimh,ach gnáthaíonn sé páláis ríthe.
29. Tá trí nithe ann le céim mhaorga,agus ceithre cinn go deimhin le hiompar stáidiúil:
30. An leon, an gaiscíoch ar na hainmhithe,nach dtugann cúl le haon ní;
31. An coileach ag starrfach i measc na gcearc,an pocán, taoiseach an tréada,agus an rí [ag aitheasc] a phobail.
32. Má bhí sé de bhaois ionat dul le mire,agus go bhfuil aiféala anois ort,buail bos ar do bhéal;
33. Óir déantar cuigeann le maistriú,tagann fuil as an tsrón nuair a bhrúitear í,agus tagann aighneas as an bhfearg nuair a adhntar í.