17. An tsúil a fhéachann le fonóid ar a athair,agus le drochmheas ar [mháthair a bhíonn ag dul in aois],piocfaidh fiacha an mhachaire amach í,agus alpfaidh na badhbha í.
18. Tá trí nithe a théann díom a thuiscint,agus ceithre cinn nach mbainim ciall astu:
19. Bealach iolair sa spéir,bealach nathrach ar an gcarraig,bealach loinge i lár na mara,agus bealach fir le maighdean.
20. Seo é bealach an adhaltraigh mná:itheann sí bia agus glanann a béalagus deir: “Ní dhearna mé aon ní as an tslí.”
21. Baineann trí nithe crith as an talamh,agus tá ceithre cinn nach féidir leis cur suas leo:
22. Daor nuair is rí,daoi nuair is sáitheach,
23. Bean thréigthe, nuair a phósann,agus daoirseach nuair a thógann [sí áit] a máistreása.
24. Tá ceithre nithe ar an talamh atá bídeach,ach is acu atá togha na gaoise:
25. Na seangáin, treibh gan neart iad,ach sa samhradh déanann siad deimhin dá soláthar:
26. Na coiníní carraige, treibh gan chosaint iad,ach cuireann siad fúthu sna carraigeacha.
27. Na lócaistí, níl rí orthu,ach máirseálann siad go léir faoi dhea-eagar.