1. Briathra Ágúr mac Iácaé ó Mhasá. Oracal an fhir seo do Ítíéil, [d'Ítíéil agus d'Ucál]:
2. Táimse, ní foláir, ródhúr le bheith daonnaníl tuiscint duine agam.
3. Níor foghlaim mé eagna,ná ní bhfuair mé aithne ar an Aon Naofa.
4. Cé a chuaigh suas ar neamh agus a thuirling arís?Cé a cheap na gaoithe ina mháma?Cé a ghabh na huiscí ina bhrat?Cé a chuir bonn faoi chríocha na cruinne?Céard is ainm dó féin agus céard is ainm dá mhac?Ar ndóigh is eol duit!
5. Gach briathar a labhraíonn Dia, seasann sé trial na fírinne;is sciath é do gach duine a théann ar a choimirce.
6. Ná cuir lena bhriathra,ar eagla go lochtódh sé thú agus go dtaispeánfadh sé gur bréagadóir thú.
7. Dhá ní a iarraim ort,ná ceil orm iad sula bhfaighe mé bás:
8. Coinnigh i bhfad uaim an t‑éitheach agus an bhréag;ná tabhair dom saibhreas ná daibhreas,ach cothaigh mé leis an mbia is cuí dom,
9. Ar eagla go mbeinn sách agus go séanfainn thú,agus go ndéarfainn: “An Tiarna? - cé hé féin?”Nó go mbeinn bocht agus go ndéanfainn goid,agus go maslóinn ainm mo Dhé.
10. Ná déan daor a ghearán lena mháistir,le heagla go gcuirfeadh sé mallacht ort agus go mbeadh thiar ort dá bharr.
11. Tá pór ann a chuireann mallacht ar a n‑athair,agus nach gcuireann beannacht ar a máthair.
12. Agus pór atá glan, dar leo féin,ach nár níodh fós as a mbrocamas.
13. Tá pór na súl uaibhreach ann,le mór níos fiú i ngach tógáil súile.
14. Tá pór ann le claímhte mar fhiacla,agus sceana mar ghialla acu,Leis na boicht a alpadh agus a scrios de chlár na cruinne;agus lucht na gannchúise a shlogadh agus a scuabadh ó chomhluadar daoine.