13. Is méanar don té a aimsíonn an eagna,agus don té a fhaigheann greim ar an tuiscint,
14. Is mó an sochar a ghabhann léi ná leis an airgeadagus is mó a tairbhe ná an t‑ór.
15. Is luachmhaire í na péarlaí,níl ní a shantófá is inchurtha léi.
16. Ina deasláimh tá fad saoil,agus ina ciotóg maoin agus saibhreas.
17. Bealaí aoibhnis a bealaí,agus níl ina treo ach síocháin.
18. Crann na beatha í do lucht a sealbhaithe,agus is méanar dóibh siúd a choimeadann greim uirthi.
19. Bhunaigh an Tiarna an chruinne ar a máithreacha le barr eagna,agus le barr tuisceana dhaingnigh sé na spéartha.
20. Bhrúcht na duibheagáin le barr a eolais,agus fearann na scamaill an drúcht ar an talamh.
21. Cloigh, a mhic ó, le heagna stuama agus le críonnacht,ná scaoil as do radharc iad.
22. Beidh siad mar bheatha ag d'anam,agus mar ornáid faoi do bhráid.
23. Tabharfaidh tú do bhóthar ort gan bhaol,agus ní bhainfear tuisle as do chosa.
24. Ní bheidh eagla ort i do shuí duit,agus beidh do chodladh go sámh i do luí duit.
25. Ná bíodh eagla ort roimh an uafás tobann,ná roimh ionsaí ó lucht na hurcóide;