11. Scaoileann an t‑amadán lena racht feirge,ach cuireann an saoi srian leis agus smacht air.
12. Má éisteann rialtóir le héitheach,beidh a fheidhmeannaigh uile ina ropairí.
13. Castar an bochtán agus an t‑úsaire ar a chéile;cuireann an Tiarna léas ina súile araon.
14. Má thugann rí breith ar na boicht le cothromas,bunófar a ríchathaoir go brách.
15. Bronnann an bata agus an ceartú gaois,ach an leanbh a fhágtar faoi féin, cuireann sé náire ar a mháthair.
16. Nuair a bhíonn na hurchóidigh [i gcumhacht], leathnaíonn an peaca;ach feicfidh na fíréin ar lár iad.
17. Smachtaigh do mhac, agus tabharfaidh sé suaimhneas aigne duit;cuirfidh sé áthas ar do chroí.
18. San áit nach mbíonn fís, caitheann an pobal díobh gach srian;ach is beannaithe an té a choimeádann an dlí.
19. Ní le briathra amháin a cheartaítear an daor;fiú má thuigeann sé iad, ní thabharfaidh sé aird orthu.
20. An bhfeiceann tú duine éigin béalscaoilteach?tá níos mó dóchais ann d'amadán ná dósan.
21. An té a bhíonn ag tláithínteacht le daor óna oige,eisean a bheidh [mar oidhre] air faoi dheireadh.