Seanfhocal 29:1-8 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. An té a cheartaítear go minic, ach a chruann a mhuineál,bascfar é go tobann gan fáil ar théarnamh.

2. Nuair a bhíonn na fíréin i gceannas, bíonn lúcháir ar an bpobal;nuair a bhíonn na hurchóidigh i gcumhacht, bíonn an pobal ag osnaíl.

3. An té a thugann grá don eagna, cuireann sé áthas ar a athair;ach an té a thaithíonn striapacha, scaipeann sé a chuid.

4. Daingníonn rí a thír lena cheartas,ach milleann an feallaire é.

5. An té a thugann bladar dá chomharsa,leathann sé líon faoina chosa.

6. Tá gaiste [faoi chosa] an urchóidigh,ach ritheann an fíréan ar aghaidh go lúcháireach.

7. Déanann an fíréan cúram de chearta na mbocht,ní chuireann a leithéid d'eolas as don urchóideach.

8. Déanann scigirí cíor thuathail de chathracha,ach cuireann saoithe srian le fearg.

Seanfhocal 29