1. Teitheann an t‑urchóideach agus gan aon duine sa tóir air;tá an fíréan chomh cróga le leon.
2. Bíonn rialtóirí ina scuainí ag tír de bharr a pheacaí;ach is fada buan a mhairfidh sé má bhíonn rialtoirí tuisceanacha eagnaí aige.
3. An bochtán a luíonn ar na bochtáin,is geall le batharnach báistí é nach bhfágann ruainne le n‑ithe.
4. Lucht tréigthe an dlí, molann siad na hurchóidigh;ach an mhuintir a chomhlíonann é, cuireann siad ina n‑aghaidh.
5. Ní thuigeann na hurchóidigh cad is cóir ann,ach tuigeann lucht eagla an Tiarna gach ní.
6. Is fearr fear bocht a shiúlann san fhíréantacht,ná fear saibhir na mbealaí claon.
7. Mac gaoismhear a choimeádann an dlí,ach tugann comrádaí na ndrabhlásach náire dá athair.