Seanfhocal 27:6-10 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

6. Créachta gan ghoimh a thugann cara;is iomadúil iad póga eascarad.

7. Is beag ar an sáitheach mil,ach is milis leis an ocrach gach searbh.

8. Is cuma nó éan ar fán óna neadfear atá ar fán óna bhaile.

9. Baineann ola na comhairle an ceo den chroí,ach cuireann milse an mhuintearais sólás ar an anam.

10. Ná tréig do chara, ná cara d'athar;ná rith go teach do dhearthár lá na tubaiste.Is fearr comharsa i mbéal an doraisná deartháir i bhfad ó bhaile.

Seanfhocal 27