Seanfhocal 25:25-28 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

25. Is cuma nó uisce fuar i scornach thirim,dea-scéala ón gcoigríoch.

26. Is cuma nó tobar a suaitheadh nó foinse a truailleadh,an fíréan a chúbann roimh an urchóideach.

27. [Ní maith í póit mheala,ná géilleadh do bhladar.]

28. An fear gan smacht air féin,is cuma é nó cathair ar leathadh gan cóir chosanta.

Seanfhocal 25