Seanfhocal 25:17-28 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

17. Téigh go hannamh go teach do chomharsan,le heagla go n‑éireoidh sé bréan díot agus go dtiocfadh fuath aige duit.

18. Is cuma nó cleith nó claíomh nó ga géaran té a thugann fianaise bhréige in aghaidh a chomharsan.

19. Is cuma nó fiacail lofa nó cos leontafear gan dílseacht ar a mbeifí ag brath in am an ghátair;

20. bheadh sé chomh maith agat do bhrat a bhaint díot sa doineann.Is cuma nó fínéagra a chur i gcréachtamhráin a chasadh do chroí duairc.

21. Má tá ocras ar do namhaid, tabhair greim le n‑ithe dó;nó tart, tabhair braon le n‑ól dó.

22. Beidh sméaróidí tine á gcarnadh agat ar a cheann sa tslí sin,agus déanfaidh an Tiarna é a chúiteamh leat.

23. Tagann fearthainn ó bhroinn na gaoithe aduaidh,agus muc ar an malainn ó theanga an bhéadánaí.

24. Is fearr cur fút i gcúil sa lochta,ná bheith in aontíos le bean achrainn.

25. Is cuma nó uisce fuar i scornach thirim,dea-scéala ón gcoigríoch.

26. Is cuma nó tobar a suaitheadh nó foinse a truailleadh,an fíréan a chúbann roimh an urchóideach.

27. [Ní maith í póit mheala,ná géilleadh do bhladar.]

28. An fear gan smacht air féin,is cuma é nó cathair ar leathadh gan cóir chosanta.

Seanfhocal 25