Seanfhocal 24:4-18 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

4. Le barr eolais a líontar stórais,le maoin de gach sórt idir luachmhar agus tharraingteach.

5. Is fearr an críonna ná an tréan,fear na gaoise ná fear [an ghaisce].

6. Dea-threoir a bhuann cath,agus is le meitheal chomhairleoirí an chaithréim.

7. Tá an eagna ró-ard don amadánagus ní bhíonn smid as ag geata na cathrach.

8. An té atá ag beartú an oilc,tabharfar fear clampair air.

9. Níl ach an peaca á thaibhreamh do na hamadáin;is gráin le daoine an scigire.

10. Má chailleann tú do mhisneach,ní bheidh ach laige i do neart i lá na hanachana.

11. Fuascail an mhuintir atá á seoladh chun báis;tarrthaigh an mhuintir atá á mbreith chun a mbásaithe.

12. Má deir tú: “Ach féach, ní raibh a fhios againn,”an amhlaidh atá an té a mheánn an croí gan tuiscint,agus an té a bhreithníonn an t‑anam gan eolas?déanfaidh sé an t‑aisíoc is dual do bhearta duine.

13. Ith mil, a mhic, mar is maith í;is milis le blaiseadh an mhil a shileann ón gcriathar.

14. Sé an dála céanna é ag eagna do d'anam, bíodh a fhios agat;má fhaigheann tú í, tiocfaidh an lá amárachagus ní rachaidh do dhóchas amú.

15. Ná cuir luíochán, a urchóidigh, ar áitreabh an fhíréin,agus ná déan a theach a chreachadh.

16. Óir titeann an fíréan faoi seacht, ach éiríonn arís;ach déanann an tubaiste na hurchóidigh a threascairt.

17. Má thiteann do namhaid, ná cuireadh sin lúcháir ort;nuair a bhaintear tuisle as, ná tagadh éirí croí ort,

18. Le heagla go bhfeicfeadh an Tiarna agus nach mbeadh sé sásta,agus go n‑iompódh sé a fhearg uaidh.

Seanfhocal 24