Seanfhocal 24:26-34 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

26. An té a thugann freagra ionraic,pógann sé do bheola, geall leis.

27. Leag amach a bhfuil romhat ar an mbán,agus déan do phrapáil ar an machaire;imigh leat ansin agus tóg do theach.

28. Ná tabhair fianaise in aghaidh do chomharsan gan ábhar,agus ná meall daoine le briathra do bhéil.

29. Ná habair: “Tabharfaidh mé an cor céanna airsean agus a thug seisean ormsa;déanfaidh mé an cúiteamh is dual dóibh le cách.”

30. Ghabh mé thar ghort an leisceora,agus thar fhíonghort an duine gan chiall.

31. Féach, bhí brat de dheilgneach air,é clúdaithe le neantógaagus a bhalla cloch leagtha ar lár.

32. Rinne mé mo mhachnamh agus mé ag breathnú airagus d'fhoghlaim mé an ceacht seo ón radharc:

33. “Néal beag codalta, múisiam beag,agus na lámha a fhilleadh ar a chéile le scíth a ligean,

34. Ansin beidh an bhochtaine le d'ais mar bhithiúnachagus an ghannchúis mar robálaí.”

Seanfhocal 24