Seanfhocal 24:22-30 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

22. Óir is tobann mar a bhladhmfaidh a ndíoltas,agus cé dó is eol an scrios a sheolfaidh siad araon?

23. Ráitis leis na saoithe iad seo inár ndiaidh chomh maith:Ní cóir é an leathchuma i mbreithiúnas.

24. An té a deir: “Tá tú neamhchiontach,” leis an gciontach,ní bheidh ach mallacht i ndán dó ó na ciníocha agus fuath ó na náisiúin.

25. Ach an mhuintir a cheartaíonn na hurchóidigh, beidh ábhar áthais acu,agus beidh beannacht orthu.

26. An té a thugann freagra ionraic,pógann sé do bheola, geall leis.

27. Leag amach a bhfuil romhat ar an mbán,agus déan do phrapáil ar an machaire;imigh leat ansin agus tóg do theach.

28. Ná tabhair fianaise in aghaidh do chomharsan gan ábhar,agus ná meall daoine le briathra do bhéil.

29. Ná habair: “Tabharfaidh mé an cor céanna airsean agus a thug seisean ormsa;déanfaidh mé an cúiteamh is dual dóibh le cách.”

30. Ghabh mé thar ghort an leisceora,agus thar fhíonghort an duine gan chiall.

Seanfhocal 24