Seanfhocal 24:10-27 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

10. Má chailleann tú do mhisneach,ní bheidh ach laige i do neart i lá na hanachana.

11. Fuascail an mhuintir atá á seoladh chun báis;tarrthaigh an mhuintir atá á mbreith chun a mbásaithe.

12. Má deir tú: “Ach féach, ní raibh a fhios againn,”an amhlaidh atá an té a mheánn an croí gan tuiscint,agus an té a bhreithníonn an t‑anam gan eolas?déanfaidh sé an t‑aisíoc is dual do bhearta duine.

13. Ith mil, a mhic, mar is maith í;is milis le blaiseadh an mhil a shileann ón gcriathar.

14. Sé an dála céanna é ag eagna do d'anam, bíodh a fhios agat;má fhaigheann tú í, tiocfaidh an lá amárachagus ní rachaidh do dhóchas amú.

15. Ná cuir luíochán, a urchóidigh, ar áitreabh an fhíréin,agus ná déan a theach a chreachadh.

16. Óir titeann an fíréan faoi seacht, ach éiríonn arís;ach déanann an tubaiste na hurchóidigh a threascairt.

17. Má thiteann do namhaid, ná cuireadh sin lúcháir ort;nuair a bhaintear tuisle as, ná tagadh éirí croí ort,

18. Le heagla go bhfeicfeadh an Tiarna agus nach mbeadh sé sásta,agus go n‑iompódh sé a fhearg uaidh.

19. Ná cuireadh lucht an oilc caduaic ort,agus ná bí in éad le drochdhaoine.

20. Óir níl aon ní i ndán don drochdhuineagus múchfar lóchrann an urchóidigh.

21. Bíodh eagla ort féin roimh an Tiarna, a mhic ó, agus roimh an rí,agus ná déan ceannairc in aghaidh ceachtar díobh.

22. Óir is tobann mar a bhladhmfaidh a ndíoltas,agus cé dó is eol an scrios a sheolfaidh siad araon?

23. Ráitis leis na saoithe iad seo inár ndiaidh chomh maith:Ní cóir é an leathchuma i mbreithiúnas.

24. An té a deir: “Tá tú neamhchiontach,” leis an gciontach,ní bheidh ach mallacht i ndán dó ó na ciníocha agus fuath ó na náisiúin.

25. Ach an mhuintir a cheartaíonn na hurchóidigh, beidh ábhar áthais acu,agus beidh beannacht orthu.

26. An té a thugann freagra ionraic,pógann sé do bheola, geall leis.

27. Leag amach a bhfuil romhat ar an mbán,agus déan do phrapáil ar an machaire;imigh leat ansin agus tóg do theach.

Seanfhocal 24