10. Má chailleann tú do mhisneach,ní bheidh ach laige i do neart i lá na hanachana.
11. Fuascail an mhuintir atá á seoladh chun báis;tarrthaigh an mhuintir atá á mbreith chun a mbásaithe.
12. Má deir tú: “Ach féach, ní raibh a fhios againn,”an amhlaidh atá an té a mheánn an croí gan tuiscint,agus an té a bhreithníonn an t‑anam gan eolas?déanfaidh sé an t‑aisíoc is dual do bhearta duine.
13. Ith mil, a mhic, mar is maith í;is milis le blaiseadh an mhil a shileann ón gcriathar.
14. Sé an dála céanna é ag eagna do d'anam, bíodh a fhios agat;má fhaigheann tú í, tiocfaidh an lá amárachagus ní rachaidh do dhóchas amú.
15. Ná cuir luíochán, a urchóidigh, ar áitreabh an fhíréin,agus ná déan a theach a chreachadh.
16. Óir titeann an fíréan faoi seacht, ach éiríonn arís;ach déanann an tubaiste na hurchóidigh a threascairt.
17. Má thiteann do namhaid, ná cuireadh sin lúcháir ort;nuair a bhaintear tuisle as, ná tagadh éirí croí ort,