29. Cé dó is mairg thar cách, cé dó is léan?cé dó is dán an t‑aighneas, agus an gearán?agus buillí ó gach taobh?agus scamall sa tsúil?
30. Do mhéiseálaithe fíonaa bhíonn ag tnúth de shíor le fíon dea-chumaisc.
31. Ná bí tógtha le fíon nuair is dearg é,nuair a bhíonn sé ag spréacharnach sa chorn,ná nuair a shníonn sé siar go socair.
32. Ar deireadh snapann sé mar a dhéanfadh nathair,agus tá cealg ann mar atá san nathair nimhe.
33. Feicfidh do shúile nithe aisteacha,agus tiocfaidh briathra earráideacha ó íochtar do chroí.
34. Beidh tú amhail duine ina chodladh i lár an aigéin,amhail duine ina shuan ar an stiúir.
35. “Buaileadar mé, an ea?” déarfaidh tú, “ach níor gortaíodh mé;ar léasadar mé? ach ní bhraithim aon ní;cathain a dhúiseoidh mé...? Beidh deoch eile uaim.”