Seanfhocal 22:9-16 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

9. Tá beannacht i ndán don duine cineálta,mar roinneann sé a chuid aráin leis an mbochtán.

10. Tabhair bata is bóthar don scigire agus baileoidh an t‑aighneas leis,agus beidh deireadh le hachrann is le hachasán.

11. Tá cion ag [an Tiarna] ar an gcroí glan,agus is cara don rí fear na cainte caoine.

12. Déanann súile an Tiarna an t‑eolas a fhaire,ach leagann sé ar lár briathra na mbréagairí.

13. “Tá leon lasmuigh,” a deir an leisceoir!“Marófar sa tsráid mé!”

14. Cuithe domhain béal mná deoranta;an té a bhfuil an Tiarna i bhfearg leis, titfidh sé inti.

15. Tá an bhaois ginte i gcroí an linbh;ach déanfaidh slat an smachtaithe í a dhíbirt i gcéin as.

16. Luigh ar an mbochtán agus bronnfar maoin air;tabhair rud don saibhir agus déanfaidh tú é a chreachadh.

Seanfhocal 22