14. Cuithe domhain béal mná deoranta;an té a bhfuil an Tiarna i bhfearg leis, titfidh sé inti.
15. Tá an bhaois ginte i gcroí an linbh;ach déanfaidh slat an smachtaithe í a dhíbirt i gcéin as.
16. Luigh ar an mbochtán agus bronnfar maoin air;tabhair rud don saibhir agus déanfaidh tú é a chreachadh.
17. Ráitis na saoithe:Tabhair cluas agus éist le briathra na saoithe,agus crom ar a bhfoghlaim.
18. Beidh sé ina shólás agat iad a choimeád i do chroí,agus iad go léir a bheith mar phionna ar do bheola.
19. Tá [do chosán] á thaispeáint agam duit inniule go mbeadh do mhuinín agat as an Tiarna.
20. Nach bhfuil [deich gcaibidil fichead] de chomhairlí agusde ghaois scríofa agam duit,
21. Le go mbeifeá in ann an fhírinne a léiriú,agus lucht do cheistithe a fhreagairt le briathra stuama?
22. Ná creach an bochtán mar gur bochtán é,agus ná ciap aon duine atá á bhuaireamh i ngeata na cathrach;
23. Óir déanfaidh an Tiarna a gcúis a agairt,agus ídeoidh sé lucht a n‑ídithe.
24. Ná déan muintearas leis an té atá tugtha don fhearg,agus ná bíodh caidreamh agat ar fhear drochmhianaigh,
25. Le heagla go bhfoghlaimeofá a bhealaí,agus go mbéarfaí ort i ngaiste.
26. Ná bí ar dhuine díobh siúd a thugann gill,agus a théann in urrús le fiacha.
27. Mura mbíonn sás d'fhuascailte agat,tógfaidh siad an leaba a bheidh fút.
28. Ná haistrigh cloch ársa theorann,a leag do shinsir ina leaba.
29. An bhfeiceann tú duine atá oilte ar a ghnó?déanfaidh sé freastal ar ríthe;ní do shuaracháin a bheidh sé ag fónamh.