Seanfhocal 21:9-17 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

9. Is fearr cur fút i gcúil sa lochta,ná bheith in aontíos le bean achrainn.

10. Tá dúil san olc i gcroí an drochdhuine;ní ghlacann sé trua dá chomharsana riamh.

11. Déantar saoi den daoi nuair a smachtaítear an tarcaisneoir;foghlaimíonn sé ceacht nuair a bhíonn an rath ar an bhfíréan.

12. Breathnaíonn an fíréan ar theach an drochdhuine,agus basctar na héagráifigh de dheasca a n‑urchóide.

13. An té a thugann cluas bhodhar d'éamh an bhochtáinnuair a ghlaofaidh sé féin, ní eistfear leis.

14. Cuireann tabhartas faoi choim fearg chun suain,agus múchann breab faoin mbrat an cuthach feirge.

15. Is lúcháir don fhíréan an ceart a chur i bhfeidhm,ach is uafás é do na hurchóidigh.

16. An té a théann ar fán ó chosán na tuisceana,ligfidh sé a scíth i gcomhluadar na scáileanna.

17. Beidh an mhuintir a bhfuil dúil acu sa só, gan mhaoin;agus an té atá tugtha don fhíon agus don ola ní bheidh sé saibhir.

Seanfhocal 21