2. Is geall le glam leoin fearg rí,agus an té a ghriogann chun cuthaigh é, milleann sé a bheatha féin.
3. Is onóir do dhuine aighneas a sheachaint,ach beidh gach amadán ag achrann.
4. Tá an fómhar thart, ach níl aon treabhadh déanta ag an leisceoir;beidh súil in airde aige in am an bhainte, ach ní beidh dada ann dó.
5. Is cuma nó uisce domhain a mbíonn ar aigne ag duine ina chroí istigh;níl ag an duine tuisceanach ach é a tharraingt amach.
6. Is iomaí duine a deir go bhfuil sé féin dílis,ach cé a aimseoidh fear inmhuiníne?
7. An fíréan a bhfuil a bhealaí gan cháim,is méanar dá chlann ina dhiaidh.
8. An rí a shuíonn ina shuí breithimh,scagann sé gach olc lena shúile.
9. Cé ar féidir leis a rá: “Ghlan mé mo chroí,táim saor ó mo pheaca?”
10. Meáchan anseo, a mhalairt ansiúd; tomhas anseo tomhas eile thall;is gráin leis an Tiarna iadsan araon.
11. Taispeánann an leanbh dúinn fiú agus é ag súgradh,an olc nó an maith a bheidh a bhearta.
12. An tsúil a fheiceann agus an chluas a chluineann,is é an Tiarna a rinne iad araon.
13. Ná bí ceanúil ar an gcodladh, nó beidh an bhochtaine agat mar chéile;bíodh do shúile ar leathadh agus beidh flúirse bia agat.
14. “Níl aon mhaith ann, níl sin,” a deir an ceannaíach imíonn sé leis agus é ag maíomh as féin.
15. Tá an t‑ór ann, agus raidhse cloch lómhar,ach is iad beola an eolais an tseoid róluachmhar.
16. Tóg brat duine nuair a théann sé i mbannaí le strainséir;bíodh sé féin mar gheall agat nuair a théann sé in urrús le coimhthígh.