12. An tsúil a fheiceann agus an chluas a chluineann,is é an Tiarna a rinne iad araon.
13. Ná bí ceanúil ar an gcodladh, nó beidh an bhochtaine agat mar chéile;bíodh do shúile ar leathadh agus beidh flúirse bia agat.
14. “Níl aon mhaith ann, níl sin,” a deir an ceannaíach imíonn sé leis agus é ag maíomh as féin.
15. Tá an t‑ór ann, agus raidhse cloch lómhar,ach is iad beola an eolais an tseoid róluachmhar.
16. Tóg brat duine nuair a théann sé i mbannaí le strainséir;bíodh sé féin mar gheall agat nuair a théann sé in urrús le coimhthígh.
17. Faigheann duine blas milis ar an mbia a fuarthas trí chalaois,ach is geall le grean ina bhéal é ina dhiaidh sin.
18. Meáigh do bhearta i gcomhairle le daoine eile;agus fear cath le treoir chiallmhar.
19. Déanann an cardálaí rúin a nochtadh;ná bíodh caidreamh agat dá bhrí sin le fear na baothchainte.
20. Má chuireann duine mallacht ar athair nó ar mháthair,múchfar a lóchrann faoi dhorchadas dubh.
21. An oidhreacht a fuarthas de gheit ar dtús,ní bheidh beannacht uirthi faoi dheireadh.
22. Ná habair: “Déanfaidh mé an t‑olc a chúiteamh”;ach bíodh do dhóchas as an Tiarna agus tiocfaidh sé i gcabhair ort.
23. Is fuath leis an Tiarna malairtí meáchan;ní maith iad na meánna fealltacha.
24. Treoraíonn an Tiarna céimeanna an duine;conas más ea is féidir dó a bhealach a thuiscint?
25. Is gaiste roimh dhuine a rá de phreib: “Tá sé tíolactha,”agus gan machnamh a dhéanamh ach tar éis a mhóide.
26. Déanann an rí cliste na hurchóidigh a cháitheadh,agus tiomáineann an roth tharstu.
27. Sé spiorad an duine lampa an Tiarna,ag spiúnadh doimhneas a chroí.
28. Déanann cinéaltas is dílse an rí a chosaint,agus is í an fhíréantacht teannta a ríchathaoireach.