4. Má lorgaíonn tú í mar a lorgófá airgead,má chuardaíonn tú í mar a chuardofá stór folaithe,
5. Tuigfidh tú ansin cad is eagla an Tiarna ann,agus cuirfidh tú aithne ar Dhia.
6. Óir is é an Tiarna féin a thugann an eagna,agus is as a bhéal a thagann an grinneolas agus an tuiscint.
7. Bíonn a eagna stuama in áirithe aige do na fíréin;is sciath é don mhuintir a chaitheann a saol go macánta.
8. Cosnaíonn sé cosáin na córa;cumhdaíonn sé bealach na ndaoine a bhíonn dílis dó.
9. Tuigfidh tú ansin an fhíréantacht agus an chóir,an ceart agus bealach na fíréantachta.
10. Nuair a thiocfaidh an eagna i do chroí isteach,agus gur geal le d'anam an t‑eolas,
11. Beidh an chríonnacht mar gharda ortagus an tuiscint i do chúram,
12. Le thú a chosaint ar shlí na hurchóide,agus ar lucht na claonteanga,
13. Ar an muintir a thréigeann cosáin na fíréantachtad'fhonn siúl ar bhealaí an dorchadais;