Seanfhocal 19:5-14 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

5. Ní rachaidh an finné bréige gan phionós,agus ní rachaidh fear na mbréag slán.

6. Bíonn a lán ar thóir fabhar ón bhfial;is cara ag gach aon duine an té a scaipeann bronntanais.

7. Bíonn fuath ag a dheartháireacha go léir don bhochtán,nach mó ná sin mar a theitheann a chairde uaidh....Bíonn focail de dhíth air, ach ní bhíonn siad ar láimh aige.

8. An té a aimsíonn an eagna, fónann sé dó féin;an té a dhéanann cúram den tuiscint, aimsíonn sé sonas.

9. Ní rachaidh an finné bréagach gan phionós,agus scriosfar an té a spalpann éitheach.

10. Ní cuí don amadán maireachtáil i sócamas,agus is lú ná sin is cuí do dhaor bheith i gceannas ar fhlatha.

11. Cuireann ciall srian le fearg duine,agus is glóir dó scaoileadh le coir.

12. Is geall le glam leoin fearg rí,ach le drúcht ar fhéar a ghnaoi.

13. Scriosann amadán mic a athair;is geall le sconna ar sileadh scabhlaeireacht mná.

14. Tagann teach agus maoin mar oidhreacht athar,ach tagann bean chiallmhar ó láimh an Tiarna.

Seanfhocal 19