22. Bíonn súil le dílseacht ó dhuine,agus is fearr bochtán ná bréagaire.
23. Seolann eagla Dé chun na beatha;an té a mbíonn sí aige,bíonn bia agus fothain aige, gan scéin roimh aon olc air.
24. Tumann an leisceoir a chrobh sa mhias,ach ní bhacann le hé a bhreith chun a bhéil.
25. Buail an scigire, agus mar sin is mó a bheidh an t‑aineolaí san airdeall;ceartaigh fear na tuisceana agus beidh breis eolais aige.
26. An té a chuireann a athair as seilbh, agus a chuireann a mháthair chun siúil,is mac gan náire é agus ábhar masla.
27. Ná tabhair cluas do theagasc a thuilleadh, a mhic,más d'fhonn faillí a dhéanamh ina bhfuil le rá ag an eolas é.
28. Tugann an drochfhinné tarcaisne don cheart;alpann craos an urchóidigh an t‑olc.
29. Tá [an bata] ullamh do scigirí,agus léasadh do dhroim na n‑amadán.