Seanfhocal 19:15-24 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

15. Cuireann leisce duine i dtoirchim suain,ach beidh ocras fós ar an duine díomhaoin.

16. An té a choimeádann na haitheanta, coimeádann sé é fein;an té ar beag leis an briathar, gheobhaidh sé bás.

17. An té a bhíonn cineálta leis na boicht, tugann sé iasacht don Tiarna,déanfaidh sé cúiteamh ar son a ndearna sé.

18. Cuir smacht ar do mhac fad a mhaireann an dóchas;ná cuir romhat é mhilleadh ar fad.

19. Díolfaidh fear an drochmhianaigh as;scaoil leis agus is measa ná sin [a bheidh an scéal agat].

20. Tabhair cluas do chomhairle, agus glac le teagasc,le go mbeadh breis gaoise agat as seo amach.

21. Is iomaí beartas a bhíonn á dtaibhreamh do dhuine,ach is é aidhm an Tiarna a sheasfaidh buan.

22. Bíonn súil le dílseacht ó dhuine,agus is fearr bochtán ná bréagaire.

23. Seolann eagla Dé chun na beatha;an té a mbíonn sí aige,bíonn bia agus fothain aige, gan scéin roimh aon olc air.

24. Tumann an leisceoir a chrobh sa mhias,ach ní bhacann le hé a bhreith chun a bhéil.

Seanfhocal 19