4. Uiscí doimhne iad briathra an duine,tuile bhrúchtach, foinse eagna.
5. Ní maith é lé a bheith leis an urchóideach,ná an fíréan a fhágáil ar díth córa.
6. Tarraingíonn caint an amadáin aighneas air féin,agus tugann a bhéal cuireadh chun é a léasadh.
7. Scriosann béal an amadáin é féin,agus is gaiste dó a bheola.
8. Is geall le sóláis mhilse briathra an chúlchainteora,agus sleamhnaíonn siad síos isteach sa ghoile.
9. An té a bhíonn díomhaoin i mbun a ghnóthaí,is deartháir é don scriosadóir.
10. Túr daingean ainm an Tiarna,ritheann an fíréan faoina dhéin agus ní baol dó.
11. A mhaoin is cathair thréan don saibhir;is balla ard í, dar leis.
12. Bíonn uaill i gcroí an duine roimh é a scrios,ach umhlaíocht a ghabhann roimh onóir.