Seanfhocal 18:16-24 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

16. Tuilleann bronntanas slí isteach do dhuine,agus tugann sé i láthair na bhflatha é.

17. Samhlaítear go mbíonn an ceart ag an té is túisce a chuireann a chás in iúl,nó go dtagann an dara duine agus go ndéanann scrúdú air.

18. Cuireann an crann críoch le haighnis,agus déanann réiteach idir aighneasóirí cumhachtacha.

19. Is geall le cathair láidir deartháir a fhaigheann cúnamh dearthár;is cuma [cairde] nó barraí caisleáin.

20. Nuair a bhíonn goile duine lán is trí shaothar a bhéil féintoradh a bhéil féin is sáith aige.

21. Tá bás agus beatha faoi smacht na teanga;an mhuintir ar geal leo í, ní foláir dóibh a toradh a chaitheamh.

22. An té a aimsíonn bean chéile, aimsíonn sé sonas,agus bíonn fabhar aige ón Tiarna.

23. Achainíocha a bhíonn ar bhéal an bhochtáin,ach boirbeacht a thagann mar fhreagra ón saibhir.

24. [Tá cairde ann] a sheolann daoine chun na tubaiste,ach tá a thuilleadh ann ar gaire iad ná deartháir.

Seanfhocal 18