6. Déantar leorghníomh sa pheaca trí dhílseacht agus seasmhacht;seachnaíonn fear an t‑olc le heagla an Tiarna.
7. Nuair a thugann bealaí duine taitneamh don Tiarna,déanann sé cairde fiú dá eascairde.
8. Is fearr an beagán agus an chóirná an mórán agus an éagóir.
9. Beartaíonn duine a chúrsa ina chroíach sé an Tiarna a threoraíonn a chéimeanna.
10. Tagann oracail ó bhéal an rí,ní dhéanann sé dearmad nuair a fhógraíonn a bhreith.
11. Is leis an Tiarna an mheá agus na scálaí cothroma;is é a rinne na meáchana uile sa mhála.
12. Is gráin le ríthe an t‑olc a dhéanamh,mar is í an fhíréantacht is bonn faoin ríchathaoir.
13. Bíonn fáilte ag an rí roimh bheola fíréanta;bíonn grá aige don té a labhraíonn go cóir.
14. Teachtaire báis fearg rí,ach déanfaidh an t‑eagnaí í a cheansú.
15. Bíonn an bheatha i ngile ghnúis an rí,agus is geall le scamaill bháistí an earraigh a ghnaoi.
16. Is fearr an eagna a aimsiú ná an t‑ór;tóg tuiscint mar rogha thar an airgead.
17. Casann ród an fhíréin i leataobh ón olc;an té a fhaireann cá bhfuil a thriall caomhnaíonn sé a bheo.
18. Gabhann uabhar roimh thubaiste;agus éirí in airde roimh threascairt.
19. Is fearr a bheith umhal ó chroí i measc na n‑ísealná an chreach a roinnt leis na huaibhrigh.