18. Gabhann uabhar roimh thubaiste;agus éirí in airde roimh threascairt.
19. Is fearr a bheith umhal ó chroí i measc na n‑ísealná an chreach a roinnt leis na huaibhrigh.
20. Beidh an rath ar an té a thugann aird ar an mbriathar;is méanar don té a mbíonn a mhuinín aige as an Tiarna.
21. Tugtar fear na críonnachta ar an té atá eagnaí croí;cuireann milse briathar le meallacacht ráite.
22. Is foinse beatha an ghaois don té a bhfuil sí ina sheilbhach is í an bhaois crá na n‑amadán.
23. Múineann croí an eagnaí gliceas dá bhéal,agus cuireann sé le meallacacht a bhriathar.
24. Is cuma nó cior mheala briathra séimhe;is milis iad le blaiseadh agus is sláintiúil iad don chorp.
25. Tá cosán ann a shamhlaíonn ceart do dhuine,ach níl de chríoch leis ach an bás.
26. Bíonn goile an tsaothraí ag saothar dó,agus a chraos ocrach á ghriogadh.
27. Beartaíonn an t‑alfraits olc,agus is cuma nó tine loiscneach briathra a bhéil.
28. Síolann an cealgaire aighneas,agus deighleann an béadánaí dlúthchairde óna chéile.
29. Cuireann an foréigneach a chomharsa ar seachrán,agus meallann é ar bhóthar nach fónta.
30. Tá urchóid á taibhreamh d'fhear sméidte na súl,agus tá an t‑olc déanta ag an té a chuireann grabhas air féin.
31. Coróin ghlóire é an ceann liathagus beatha fhíréanta a thuilleann í.
32. Is fearr an duine stuama ná an gaiscíoch tréan;agus an té atá ina mháistir air féin ná an té a dhéanann cathair a ghabháil.
33. Ar an ucht a chaitear na cranna,ach ón Tiarna a thagann an réiteach.