Seanfhocal 16:1-4 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Déanann croí an duine an beartú;ach sé an Tiarna a thugann an freagra.

2. Bíonn iompar an duine gan cháim dar leis féin,ach is é an Tiarna a thomhaiseann an intinn.

3. Fág do shaothar go léir faoin Tiarna,agus cuirfear do phleananna go léir i gcrích.

4. Rinne an Tiarna gach ní le haghaidh cuspóra ar leith,agus an t‑urchóideach le haghaidh lá na tubaiste.

Seanfhocal 16