5. Bíonn drochmheas ag an amadán ar theagasc a athar,ach is gaoismhear é an té a ghlacann le ceartú.
6. Tá mórán maoine i dteach an fhíréin,ach leanann buairt cnuasach an choirpigh.
7. Scaipeann beola na saoithe eolas;ní mar sin le croí na n‑amadán.
8. Is gráin leis an Tiarna íobairt an urchóidigh;is gean leis urnaí an fhíréin.
9. Is gráin leis an Tiarna bealach an urchóidigh,ach is gean leis an té a mbíonn tóir aige ar an bhfíréantacht.
10. Tá smachtú dian i ndán don té a thréigeann an cosán;an té ar fuath leis an ceartú, ní mhairfidh sé beo.
11. Tá Seól agus Abadón ar leathadh roimh an Tiarna,nach mó ná sin atá croíthe na ndaoine!
12. Ní maith leis an scigire é a cheartú,agus ní bhíonn caidreamh aige ar lucht na heagna.
13. Gabhann gealgháire le háthas croí,ach briseann cumha chroí an misneach.
14. Eolas is sprioc ag aigne an duine thuisceanaigh,ach baois an bia a bhíonn i mbéal na n‑amadán.
15. Is drochlá gach lá ag fear na buairte,ach is fleá gach lá ag an gcroí suairc.
16. Is fearr an builín beag agus eagla an Tiarnaná an builín mór agus buairt dá réir.
17. Is fearr de bhéile luibheanna agus grá leoná mart méith agus gráin leis.
18. Adhnann an duine lasánta achrann,ach réitíonn an duine sochma aighneas.