Seanfhocal 13:9-19 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

9. [Lonraíonn] lóchrann an fhíréin,ach tagann múchadh ar lampa an urchóidigh.

10. Leanann aighneas stuacacht na n‑éaganta;ach is ag lucht leanta na comhairle atá an eagna.

11. Teipfidh an saibhreas éanuaire;ach beidh maoin ag an té a chnuasaíonn beagán ar bheagán.

12. Goilleann an dóchas a théann i bhfad ar an gcroí;ach an mhian a shásaítear, déanann crann na beatha di.

13. An té ar beag air an briathar, millfidh sé é féin;ach beidh luach a shaothair ag fear comhlíonta na n‑aitheanta.

14. Foinse beatha is ea teagasc an tsaoi,lena seachnaítear gaistí an bháis.

15. Tugtar gean don léirthuiscint,ach is guaisiúil í slí na bhfeallairí.

16. Ní dhéanann an duine críonna beart gan eolas,ach déanann an t‑amadán a bhaois a fhógairt os ard.

17. Tugann drochtheachtaire an tubaiste ar dhaoine,ach tugann teachtaire dílis íocshláinte.

18. Bochtaine agus tarcaisne atá i ndán don té a chuireann suas don smacht,ach onóir don té a ghlacann le ceartú.

19. Is milis leis an anam an mhian a chomhlíontar;ach is fuath le hamadáin droim a thabhairt leis an urchóid.

Seanfhocal 13