11. Teipfidh an saibhreas éanuaire;ach beidh maoin ag an té a chnuasaíonn beagán ar bheagán.
12. Goilleann an dóchas a théann i bhfad ar an gcroí;ach an mhian a shásaítear, déanann crann na beatha di.
13. An té ar beag air an briathar, millfidh sé é féin;ach beidh luach a shaothair ag fear comhlíonta na n‑aitheanta.
14. Foinse beatha is ea teagasc an tsaoi,lena seachnaítear gaistí an bháis.
15. Tugtar gean don léirthuiscint,ach is guaisiúil í slí na bhfeallairí.
16. Ní dhéanann an duine críonna beart gan eolas,ach déanann an t‑amadán a bhaois a fhógairt os ard.
17. Tugann drochtheachtaire an tubaiste ar dhaoine,ach tugann teachtaire dílis íocshláinte.
18. Bochtaine agus tarcaisne atá i ndán don té a chuireann suas don smacht,ach onóir don té a ghlacann le ceartú.
19. Is milis leis an anam an mhian a chomhlíontar;ach is fuath le hamadáin droim a thabhairt leis an urchóid.
20. An té a mbíonn caidreamh aige ar dhaoine eagnaí, éiríonn sé féin eagnaí;bíodh amadáin mar chairde aige, agus beidh sé thíos leis.
21. Bíonn an mí-ádh sa tóir ar an bpeacach,ach bíonn an rath mar luach saothair ag an bhfíréan.
22. Fágann an fear maith oidhreacht ag sliocht a shleachta;ach is ar mhaithe leis an bhfíréan a bhíonn maoin an pheacaigh á cnuasach.
23. Tagann bia go flúirseach ó ithir an bhoicht,ach scuabann an éagóir ar shiúl é.