6. Is gaistí le fuil a dhoirteadh iad briathra an urchóidigh;ach fuasclaíonn béal an fhíréin daoine ó bhaol.
7. Leagtar ar lár na hurchóidigh, agus sin deireadh leo;ach seasóidh teach an fhíréin go daingean.
8. Moltar duine ar fheabhas a chéille;ach bíonn dímheas ar fhear an droch-chroí.
9. Is fearr fear gan ghradam [a dhéanann a ghnó féin],ná fear le héirí in airde a bhíonn gan arán.
10. Tugann an fíréan aire dá chuid stoic,ach is cruálach í trocaire an urchóidigh.
11. Beidh flúirse aráin ag an té a shaothraíonn a chuid talún;níl aon chiall ag an té a leanann beartais bhaotha.
12. Scriostar túr daingean na n‑urchóideach,ach maireann fréamha na bhfíréan go daingean.
13. Trí choireanna a bhéil féin a ghabhtar an t‑urchóideach sa ghaiste;ach tagann an fíréan slán ón tubaiste.
14. Nuair a shásaítear fear le nithe fónta, sé toradh a bhriathar féin é;filleann toradh shaothar a lámh ar an duine féin.