16. Ní dhéanann an t‑amadán aon mhoill ach a fhearg a thaispeáint;ach ní thógann an duine ciallmhar ceann d'achasán.
17. An té a labhraíonn an fhírinne, tugann sé fianaise chóir;níl san fhinné bréagach ach calaois.
18. Tá duine ann ar geall le sá claímh a mhearbhriathra;ach bíonn cneasú á iompar ag teanga an eagnaí.
19. Maireann beola fírinneacha go brách;ach is gairid é saol na teanga bréagaí.
20. Tá feall i gcroí lucht beartaithe oilc;ach tá lúcháir ag lucht síocháin a chur i gcrích.
21. Níl aon olc i ndán don fhíréan,ach bíonn trioblóidí sa mhullach ar na hurchóidigh.
22. Is fuath leis an Tiarna beola an éithigh;ach is gean leis lucht labhartha na fírinne.
23. Coimeádann an duine tuisceanach a chuid eolais i bhfolach;ach fógraíonn croí na n‑amadán a mbaois.
24. Údarás is dual don láimh bhríomhar;ach saothar éigeantach is dual don leisciúil.
25. Cuireann an imní ualach ar chroí an duine;ach cuireann an dea-fhocal áthas air.
26. Tugann an fíréan cúl leis an urchóid;ach treoraíonn cosán na n‑urchóideach iadsan amú.
27. Ní bheidh aon ní don phota ag an bhfear díomhaoin;ach beidh saibhreas luachmhar ag an bhfear dícheallach.
28. Lonnaíonn an bheatha ar chosán na córa;ach treoraíonn slí na hearráide chun an bháis.