12. Scriostar túr daingean na n‑urchóideach,ach maireann fréamha na bhfíréan go daingean.
13. Trí choireanna a bhéil féin a ghabhtar an t‑urchóideach sa ghaiste;ach tagann an fíréan slán ón tubaiste.
14. Nuair a shásaítear fear le nithe fónta, sé toradh a bhriathar féin é;filleann toradh shaothar a lámh ar an duine féin.
15. I súile an amadáin is ceart é a chosán;éisteann an t‑eagnaí le dea-chomhairle.
16. Ní dhéanann an t‑amadán aon mhoill ach a fhearg a thaispeáint;ach ní thógann an duine ciallmhar ceann d'achasán.
17. An té a labhraíonn an fhírinne, tugann sé fianaise chóir;níl san fhinné bréagach ach calaois.
18. Tá duine ann ar geall le sá claímh a mhearbhriathra;ach bíonn cneasú á iompar ag teanga an eagnaí.
19. Maireann beola fírinneacha go brách;ach is gairid é saol na teanga bréagaí.
20. Tá feall i gcroí lucht beartaithe oilc;ach tá lúcháir ag lucht síocháin a chur i gcrích.