Seanfhocal 11:22-27 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

22. Is cuma nó fáinne óir i bpus muice,bean bhreá gan stuaim.

23. Sonas is críoch ar mhian na bhfíréan;téann dóchas na n‑urchóideach amú.

24. Bíonn duine fial, ach méadaíonn ar a mhaoin;bíonn duine eile sprionlaithe, ach is i mbochtaine a théann sé.

25. Éireoidh an fial saibhir;an té thugann deoch, gheobhaidh sé deoch.

26. Cuireann daoine mallacht ar an té a choimeádann an t‑arbhar i dtaisce;ach beannacht ar an té a dhíolann é.

27. An té a thóraíonn an mhaith, tóraíonn sé fabhar;ach an té a lorgann an urchóid, tagann an urchóid ina threo.

Seanfhocal 11