21. Déan deimhin de, ní rachaidh an t‑urchóideach as gan phionós;ach déanfar lucht na fíréantachta a fhuascailt.
22. Is cuma nó fáinne óir i bpus muice,bean bhreá gan stuaim.
23. Sonas is críoch ar mhian na bhfíréan;téann dóchas na n‑urchóideach amú.
24. Bíonn duine fial, ach méadaíonn ar a mhaoin;bíonn duine eile sprionlaithe, ach is i mbochtaine a théann sé.
25. Éireoidh an fial saibhir;an té thugann deoch, gheobhaidh sé deoch.
26. Cuireann daoine mallacht ar an té a choimeádann an t‑arbhar i dtaisce;ach beannacht ar an té a dhíolann é.
27. An té a thóraíonn an mhaith, tóraíonn sé fabhar;ach an té a lorgann an urchóid, tagann an urchóid ina threo.
28. An té a bhfuil a mhuinín ina mhaoin, feofaidh sé;ach beidh an fíréan faoi bhláth mar an duilliúr glas.
29. An té a bhuaireann a theaghlach, beidh an ghaoth aige mar oidhreacht;beidh an baoth mar dhaor ag an eagnaí.
30. Bíonn crann na beatha mar thoradh ag an bhfíréan;ach sciobtar na hurchóidigh ar shiúl [roimh am].
31. Má fhaigheann an fíréan an luach saothair is dual dó ar talamh,nach mó ná sin a gheobhaidh an t‑urchóideach agus an peacach!