15. An té a théann i mbannaí ar strainséir, beidh thiar air;an té ar fuath leis dul i mbannaí, tá sé ar láimh shábháilte.
16. Tuilleann bean ghrástúil onóir [dá fear];[níl sa bhean gan meas ar an gcóir ach easonóir faoi réim].
17. Fónann an fial dó féin;ach goineann an duine cruálach é féin.
18. Saothraíonn an t‑urchóideach beatha bhaoth;an té a shíolann an fhíréantacht beidh fómhar teann aige.
19. An té a bhíonn daingean san fhíréantacht, beidh fad saoil aige;níl ach an bás i ndán don té a bhíonn ar thóir na hurchóide.
20. Is fuath leis an Tiarna lucht droch-chroí;is geal leis an mhuintir nach cam cosán.
21. Déan deimhin de, ní rachaidh an t‑urchóideach as gan phionós;ach déanfar lucht na fíréantachta a fhuascailt.
22. Is cuma nó fáinne óir i bpus muice,bean bhreá gan stuaim.
23. Sonas is críoch ar mhian na bhfíréan;téann dóchas na n‑urchóideach amú.
24. Bíonn duine fial, ach méadaíonn ar a mhaoin;bíonn duine eile sprionlaithe, ach is i mbochtaine a théann sé.
25. Éireoidh an fial saibhir;an té thugann deoch, gheobhaidh sé deoch.