1. Tá an ghráin ag an Tiarna ar an meá éagórach,ach is gean leis an meáchan cóir.
2. Tagann an t‑uabhar ar dtús, ansin an náire;tá an eagna ar fáil i measc na n‑uiríseal.
3. Déanann a n‑ionracas na hionraice a stiúradh,ach scriosann a bhfeall na feallairí.
4. Ní aon chabhair an mhaoin lá na feirge,ach fuasclaíonn an fhíréantacht ón mbás.
5. Réitíonn a shuáilcí an cosán don neamhchiontach,ach baineann a urchóid féin an t‑urchóideach dá bhonna.
6. Déanann a bhfíréantacht na hionraice a fhuascailt,ach cuireann a n‑ainmhianta féin na feallairí i ngeimhle.